Seacht Suáilcí na Maighdine Muire lyrics

by

Traditional


An chéad suáilce fuair an Mhaighdean Bheannaithe
Ba í sin an tsuáilce mhór
Suáilce a fuair si óna haonmhac uasal
Go bhfuair sí a haon mhac beo

An dara suáilce fuair an Mhaighdean Bheannaithe
Ba í sin an tsuáilce mhór
Suáilce a fuair si óna haonmhac uasal
Go deachaidh sé a léamh na leabhar

An tríú suáilce fuair an Mhaighdean Bheannaithe
Ba í sin an tsuáilce mhór
Suáilce a fuair si óna haonmhac uasal
Gur thug uirthi bláth na n-ord

An ceathrú suáilce fuair an Mhaighdean Bheannaithe
Ba í sin an tsuáilce mhór
Suáilce a fuair sí óna haonmhac uasal
Gurbh é fhéin an Slánaitheoir

An cúigiú suáilce fuair an Mhaighdean Bheannaithe
Ba í sin an tsuáilce mhór
Suáilce a fuair sí óna haonmhac uasal
Go ndearna sé na mairbh beo

An séu suáilce fuair an Mhaighdean Bheannaithe
Ba í sin an tsuáilce mhór
Suáilce a fuair sí óna haonmhac uasal
Gur thug sé fion le hól

An seachtú suáilce fuair an Mhaighdean Bheannaithe
Ba í sin an tsuáilce mhór
Suáilce a fuair sí óna haonmhac uasal
Go dtabharfadh sé í suas ar neamh
A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z #
Copyright © 2012 - 2021 BeeLyrics.Net